Fíbín: "pléasc lúcháire agus sonais"
I 2003 a bunaíodh Fíbín, compántas óg, úr agus loinneach amharclainne Gaeilge, lonnaithe
i gConamara, dírithe ar sholáthar dráma ardcháilíochta i nGaeilge do pháistí, do
dhaoine óga agus dóibh siúd a bhfuil an croí óg iontu. Le cumasc nuálach dráma agus
puipéadóireachta ar an aon ardán, cruthaíonn siad stíl ardfheiceálach léirithe a
sháraíonn gach teorainn teanga. Le léirithe Fíbín, bíonn teacht ag cách ar an teanga
Ghaeilge!!
Baineann Fíbín fosta leas as tallannacha dúchais na Gaeltachta ? aisteoirí, puipéadóirí,
dearthóirí agus scriptsríbhneoirí, agus iad ag cruthú a gcoincheapa úra draíochtúla
san amharclann.
Dhá sheó do pháistí scoileanna náisiúnta atá cruthaithe go dtí seo ag Fíbín: AN
GABHA AGUS A GHASÚIR agus NA FOGHLAITHE MARA AGUS AN EOCHAIR ÓRGA. Tar éis a gcamchuairt
rathúil anuraidh ar choláistí samhraidh agus ar mheánscoileanna le STAIR NA HÉIREANN
? CINEÁL! tá siad faoi láthair ar an bhóthar arís le seó samhraidh 2005 do dhéagóirí:
DIABHLAÍOCHT DHÉAGLÁIN.
Ó bunaíodh an compántas, níos lú ná dhá bhliain ó shin, tá a gcur chuige nuálach
don amharclann molta ag na léirmheastóirí, agus fuair siad stádas oifigiúil ó Chomhairle
Ealaíon na hÉireann. Le bliain anuas, ainmníodh iad do dhuaiseanna Amharclainne
Náisiúnta Irish Times/BSL agus bhain siad duais ealaíon Chomhairle Contae na Gaillimhe/BAÉ
amach.
|